Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Páirc na Raithní”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt chómharsan ar an mbaile seo fadó & bhídís riamh in araid le chéile. Thug duine acu an leabhar go mbeadh anam an darna duine aige. Bhí an sgéal go maith nó gur bhuail an bheirt le chéile tráthnóna deirineach samhraid i bpáirc mhóir raithnighe. "Seadh" arsa'n buaileam sgiath "tá'n tú agam anois & ar m'anam gur mé an sagart uadachta beidh ort" leis sin bhuail sé buile mharbhthach ar a chómharsain sa cheann & dhein dá leath dá cheann & d'fhág sé marbh, fuar-marbh é. Ach nuair a chonnaic sé an díogbhail déanta aige, rug sé ar an gcorp & chuir sé go doimhin i dtalamh é & chlúdaidh air & chlúdaidh an paiste annsan le raithnig. "Seadh" ar seisean "anois ní sgéithfidh an saoghal orm mara sgéithfidh an raithneach & ní baoghal go labhrafidh sí sin". Siúd abhaile leis & pé súil fhéachaint a thug sé na dhiaidh cad a chífeadh sé ar an mbóthar na dheamhaig ach gas mór fada raithnighe. Chuir sé sa tsiubhal a bhfearr a bhí aige go mbain sé a thigh féin amach. Ach má seadh siúd isteach leis an raithnig chómh maith& líon an tig suas do raithnig. Chuaidh sé a choladh ach líon an leabaidh le raithnig & bhí sí á mhúchadh - bhí sí thíos fé & anuas air. Nuair d'éirig sé ar maidean láir na mháireach níor dhéin sé aon stad gur bhain sé amach an Chóbh & chuaidh sé ar bhórd árthaigh ar a slíghe go 'Meirceá ag teicheadh ó'n raithnig ach níor thúisge é féin san árthach ná an raithneach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0780: The Singing Bone
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muiris Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain Chortha, Co. Chiarraí