Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 002
- XML “Crom Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lorg air." "A mheádhchaint féin d'ór" arsa Crom Dubh. Chuir an sagart an tarbh ar scála ach má seadh is amhlaidh d'éirigh an tarbh san aer. Ní raibh aon mheádhchaint sa tarbh. leónu dé. Nuair a chonnaic Crom Dubh san tháinig eagla air agus dubhairt sé leis an sagart go bhféadfádh sé an tarbh do choimeád. Chuaidh an sagart abhaile annsan agus feóil na bliadna aige féin agus a mhuinntir ar an dtarbh ach na ndiaidh san bhí sé chomh bocht is riamh airís.
Gach aon lá théigheadh Crom Dubh amach sa choill ag gearra adhmaid. Aon lá amháin agus é ag gearra an adhmaid do labhair an guth laistiar dó. D'fhéuch sé na thimcheall is amhlaidh a bhí sgata d'aingil an uabhair os a chionn sa spéir. Dubhairt siad leis an chéad Domhnach eile a bheadh aifreann ann dul suas do dtí'n altóir agus nuair a bheadh an sagart ag árdu Corp Críost a fhiafruighe dó Cé h-iad an dá dhream ná raghadh go Flaitheas Dé Nuair tháinig an Domhnach chuaidh Crom Dubh go dtí'n altóir agus bhí sé ag faire an tsagairt. Díreach le linn do Corp Críost d'árdú do labhair Crom Dubh agus d'fhiafruig sé Cé hiad a dá dhream ná raghaidh go flaitheas Dé. "Tá's agamsa" arsan sagart, "cé chuir an cheist sin ort". An chéad lá eile a bheir sa choill tabhair leat sluasad agus ramhan agus cuir ar a chéile iad i bhfoirm Croise. Bíodh poll mór déanta sa talamh fé bhun na Croise agus sín féin isteach ann. Geobhair an freagra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí