Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as frathacha an tseomra sé bó a dearbhshéathar.
Ar baint na baise d’imithigh an chúirt agus a raibh ann as
radharc agus fuair sí í féin imbuaile a dearbhshéathar agus
cad a bhí ann roimpe ach sean-duine marbh in ionad na bó.
“O Dia le m’anam” ar sise.
Tháinig a dhriofúr amach ach ní sean-duine a chonnaic sise ach
an bhó agus theastaigh uaithe go mbéarfadh an bhaintreabhach
cuid de’n bhoin leí.
“Ní thógfad” ar sí sin, “Níl aoinne a iosfaidh aon phioc de
sin ná go mbeadh breoidhte go ceann ráithe.”
Laetheannta `na dhiad` san tháinig an cailín airís agus
dubhairt sí leo go raibh a maigheastrás ag imtheacht.
amáireach agus go dtáinigh sí chun slán d’fhágaint acu.
Táimíd ag imtheacht go h-iochtar na h-Éireann agus tá
dream eile ag teacht `nár ndiaid.”
Ní raibh na scróinséirí ach cúpla mí tagaithe nuair do
chailleadh bean an fheirmeora. D’fhan an bhaintreabhach san
áit ar feadh tamaill agus b’é toil Dé é gur bhog an
saoghal. Bham sí amach Duthaigh Duibhneac airís di féin.
An chéad loing seólta chuaidh go h-Ameirice d’imthigh sí
leí feín.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Ainmneacha eile
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí