Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iasacht corcáin ortha. Bhí an áit iar-geulta agus b’ait leo cad b’as
Go dtáinig an cailín ag lorg an chorcáin. D’imthigh sí amach is
d’fhair an bhean í. Cár chuaidh sí ach isteach sa lochán.
“Dia le m’anam is isteach sa lochán a chuaidh sí sin.” Ach ní h-aon nidh
-é sin. Nuair a bhitheas ullamh leis an gcorcán thug sí léi abhaile é
agus dubhairt go raibh a maigheastrás an-bhuidheach di.
I gcaonn cúpla lae bhuail an cailín cúiche isteach airís.
“Cuir mo mhaigheastrás ag triall oraibh” ar sise “Féachaint an
ndéanfaidh sibh dá thúirne de’n líon glas do sniomh di”
“Déanfam é agus míle fáilte” ar siad-san.
Do chuir sí ag triall ortha leis an líon glas. D’fáise bean an tighe
Chun na h-oibre. Bhí sí laethannta ag gabhail do agus nuair do bhí
sí ag gábhail di bhuail an cailín isteach airís cúcha
“An fada go mbeidh an líon sníomhtha?” arsan cailín.
“Tá sé déanta anois” ar sise. “Ní fiú duit imtheacht, suidh
ar an gcathaoir go gcríochnóchadh amach duit é.” Nior bhfhada go
raibh sé ullamh ag bean a’tighe di agus thug sí leí abhaile é. Lá’r na
bhárach do tháinig sí ag triall ortha airís chun go ndíolfadh sí iad as
an dtrioblóid.
“Ná tóg aon phinguin uaithe” arsan bhean leí “ach lorg leigheas
do mhic” fear breágh óg é sin a bhí san leabaidh.
D’imthig sí i dteannta an chailín gur chuadar isteach sa liosachán.
Bhí cúirt bhreágh ann, thúg sí siar sa Pharlús í. Bhí bean uasal ann
roimpe.
“Táim an bhuidheach dibh” arsan bhean uasal “Pé beag mór
a d’ealóchaidh tú orm. Tabharfadh sa duit é.”
Ní éalochad – sa ort ach mo mhac atá breoidhte do leigheas”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Ainmneacha eile
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí