Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (uimhir rolla 538)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhíodar ag chuimhneamh ar feadh i bhfad cionnus a gheobhaidís amach é. Dubhairt an bean tighe go leigfidís ortha iad a`bheith ag dul ar a laetheannta saoire agus go d`tabharfadh sí a cómhra dá a dhriofúr chun í do choiméad bí a mháthair chéile sa chúinne ag éisteacht leo agus dubhairt sí go raghadh sí isteach sa chómhrainn nuair a bheadh sí ullamh aca agus go bhfeádfadh sí bheith ag éisteacht tré poll na h-eochrach. Do dheineadar amhlaidh agus chuireadar a dhóithin bídh agus dighe isteach innti agus chuiread ar godtí an driofúr í. Nuair a fuair sí í bí sí go h-ana direach mar gheall ar an gcómhrainn agus ní leigfeadh sí d`aoinne dul i ngiorracht dí. Ach um tráthnóna nuair a tháinig an stróinseár (sé sin an buachaill aimsire ón dtigh mór) isteach d`fhiafruigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Inse, Co. Chiarraí