Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. P. Ó hAragáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 440

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 440

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean
  2. XML Leathanach 440
  3. XML “Loch an Pheidléara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí ógfear in Alba na Sgáil agus dob é an duine b'óige do clann mór. Lá dá raibh sé ag siubhal in-aice le loch a' Phedléara chonnaich sé long mór ag teacht isteach go Bádh Breandán. Chuaidh sé síos go dtí an caladh agus chuir an captaoin ceist air an raghadh sé ag obair sa luing agus go bhfuigheadh sé sparán maith t'réis cúig bliadhna. Bhí sé sásta ach sar a chuaidh sé thuit sé i ngrádh le cailín ó Bhreandán. An lá a bhí sé chun dul thóg sé sgilling as a phóca agus dhéin sé dhá leath dhi agus agus thug sé leath amháin do'n cailín. T'réis an chúig bliadhna chuaidh sé i dtír i Breanndán. Bhí sé ag dul abhaile nuair a rug beirt fhear air agus mharbhuigheadar é agus goideadh a airgead. Do chuadar go h-Alba na Sgáil annsan agus chuadar isteach I dtigh tabhairne. Cé bheadh sa t-siopa ach cailín an fhir mhairbh. Thugadar airgead di i gcoir dighe agus istigh i lár carn airgid bhí leath-sgilling. Bhí aitne aice air agus rith sí i gcóir na garda. Do rugadh ar an beirt agus crochadh iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Loch an Pheidléara, Co. Chiarraí
    Bailitheoir
    Seán Ághas
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Séamus Ághas
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí