School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Teacher:
An Br. P. Ó hAragáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 422

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
  2. XML Page 422
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí baintreach bocht ann uair amháin agus bhí sí ana-bhocht. Ní raibh aice ac braon beag bainne. Tháinigh bacach ag lorg déirce agus thug an baintreach an bainne do...

    Bhí baintreach bocht ann uair amháin agus bhí sí ana-bhocht. Ní raibh aice ac braon beag bainne. Tháinig bacach ag lorg déirce agus thug an baintreach an bainne do. Ní raibh aon rud len ithe aice an oidhche sin. Nuair a eirigh an baintreach ar maidin bhí bó mór lasmuigh den dorus agus bhí bainne ag silleadh léi. Do chruaidh an baintreach an bhó agus do bhí sí ag crúdh is ag crúdh agus sa deire chaith sí stad mar ní raibh aon áít aice chun an bainne do chuir. D’imthigh an bhó léi annsan. Do bhí an baintreach ag cainnt le gach aoinne mar gheall ar an rud iongantach a thárla. Tháinig an bhó an maidin ‘na dhiaidh sin ach már tháinigh bhí mórán árthaí ullamh ag an mbaintreach chun í do crúdh. Ach nuair a a tháinigh an bhó do chuir sí glam aiste agus fuair sí bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Glas Ghoibhneann (~76)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó hUallacáin
    Gender
    Male
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
    Informant
    Pádruig Ó hUallacaín
    Gender
    Male
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí