Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. P. Ó hAragáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 414

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 414

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean
  2. XML Leathanach 414
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá tobar naomhtha suidhthe í mbaile Ríach. Téigheann daoine ann ar an 29adh lá dé Mheitheamh chun na turasanna a dhéanamh...

    Tá tobar naomhtha suidhthe í mBaile Ríach. Téigheann daoine ann ar an 29adh lá dé Mheitheamh chun na turasanna a dhéanamh. Caitheann siad cloch beag isteach sa tobar gach uair a téigheann siad timcheall an tobair.
    Deirtear gur leigheasach daoine ann fadó. Tógann na daoine cuid de'n uisce abhaile leó mar deirtear go raibh leigheas éigin san uisce.
    Oidhce amháin do bhí duine ag dul tré'n áit 'na raibh an tobar beannuighthe. Do culaidh sé glór éigin fé mar bheadh sé ag rádh paidreacha. Do stad sé agus d'féach sé mór-timcheall. Ní fheacha sé aon nídh. Nuair a bhí sé inaice an tíghe arís do cuala sé an glór mar bheadh duine ag rádh paidreacha. Nuair a chuaidh sé abhaile an oidhche sin do bhí sé díreach ag dul isteach codladh nuair a chuala sé an glór arís. D'inis sé de' na cómarsain an oidhche 'na dhiaidh sin cad a cuala sé. Nuair a bhí sé ag dul abhaile arís chuala sé an glor. Níor chorraidh sé amach as an tigh aon oidhche as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Loinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chuileannach, Co. Chiarraí