Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. P. Ó hAragáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 376

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 376

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean
  2. XML Leathanach 376
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí feirmeóir mór ar an dtaobh thoir de Tráighlí agus bhí cúig nó sé de bhuachaillí aimsire aige...

    Bhí feirmeóir mór ar an dtaobh thoir de Tráighlí agus bhí cúig nó sé de bhuachaillí aimsire aige. Oidhche amháin dúbhairt sé leo dul amach agus daoine d'fághail a bhaineadh an coirce leo. Bhí ortha imtheacht thar roilig ---- cúpla lá roimhe sin cuireadh cailín go raibh a lán airgid aice {a} agus do cuiread ar an óir agus an t-airgead go léir isteach léi san uaidh. Dúbhairt na buachaillí go dtógfaidís an óir go léir a bhí istigh léi san uaidh. Do thógadar an cloch agus do cuaidh duine darbh ainm Seán Bán isteach an noimeat sin do cúladar fothrom agus do rith na buachaillí agus do thuit an cloch síos ar Seán Bán agus tháinigh sluagh eile agus {d'ardfhíodar} an cloch agus suas le Seán Bán. Do thuit na daoine eile le sgannradh agus fuair Seán Bán an t-óir go léir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn O Ruaidrí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an tSagairt, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Séamus Mach Síthigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an tSagairt, Co. Chiarraí