Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus thug se leis abhaile "pórter" agus uisge beatha agus rudaí eile igcoir an tóramh. Nuair a tháinig an feirmeóir abhaile do bhí an tóramh uirithe agus curadh an lá na dhiaidh sin í.
Do cuadar an lá 'na dhiaidh sin go dtí an dteampall agus cuireadar ar drom capall í. Nuair a connaich í tháinig eagla air, agus cuaidh sé go dtí an baile mór trial ar rudaí igcómhar an corramh mar cheap sé na raibh an céad tórramh go maith. Do cuireadh annsan arís í, agus cuadar go dtí an teampaill agus tugadar leó í agus cuireadh ag seasamh i gcoine an doruis í, agus thugadar cúpla caoire eile leó. Nuair a oscail an feirmeóir thuit sí isteach air agus tháinigh eagla air.
Thug sé suas sa t-seómra í agus cuir sé aran gclár í, agus cuaidh sé go dtí an baile mór agus thug leis abhaile aran, tae, pórter, uisge beatha, agus fíon. Nuair a tháinig sé abhaile líon an tigh de dhaoine agus iongantas ar gach duine acu. Do bhí ana-tórramh uirithe, agus labhair an buachaill agus dúbhairt an raibh aon airgead 'na dhiaidh agus dúbhairt an feirmeóir go raibh -: £150. Dubhairt an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Breandán Mach Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mach Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí