Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ag dul go Cíll Áirne fadó. Bhí se timcheall leath-slíghe. Bhí capall aige. Oidhche Shamhna a bhí ann. 'Sé an rud a bhí á thabairt ann ná a bhean a bhí marbh ann agus bhí sé ag dul cun í do thabhairt abhaile chun í cor. Nuair a bhí sé leath - slíghe suas ar bhárr cnuich do connaic sé bean ar taobh an bóthair agus í ag gol. Bhí an fear ag caitheamh a phíp. Do tháinig eagla air agus thug sé an phíp do'n mhnaoí. Do thosnuigh sé ag padairóireacht ar son na marbh. Do thug an bean an phíp ar ais dó. Do thosnuigh an fear ag padairóireacht arís. Do labhair an bean agus dabhairt sí go raibh sí saor agus d'imthigh sí as radharc. Do cuaodh an fear go Cill Áirne agus tháinig sé abhaile slán. Do cor sé an mhnaoí agus do caith sé a saoghal ag padairóireacht ar son na marbh
- Bailitheoir
- Seán Mach Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Loch, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Loch, Co. Chiarraí