Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Fadó, do bhí fear na cómhnuidhe inaice le Dún Síon. Lá amhain do cuaidh sé go dtí Tráighlí. Bhí sé déanach nuair a shrois sé Tráighlí...”
Fadó, do bhí fear na cómhnuidhe inaice le Dún Síon. Lá amháin do chuaidh sé go dtí Tráighlí. Bhí sé déanach nuair a shrois sé Tráighlí. Nuair a fhág sé Tráighlí bhí an oidhche ag tuitim. Bhí sé a h-aon déag a clog nuair a bhí sé ag teacht tríd bóithirín inaice a thíghe féin. Do stad an capall agus da marbhóchadh sé í ní gluaisfadh sí. Do tháinig sé anuas di agus do rug sé isteach í bpáirc í agus do thug sé amach ar an mbóithirín í inaice a tíghe féin.Nuair a srois sé an tigh do cuir sé an capall isteach sa stábala. Do chuaidh sé isteach abhaile agus do cuaidh sé a codhladh. Níor innis sé do éinne an rud a tárla dó. Timcheall mí 'na dhiaidh sin bhí sé san Daingean agus do bhuail fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruigh Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Chiarraí