Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 742

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 742

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 742
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do chuimil an cailín a láimh do bonn cois a h-athair agus d'imthig an crann. Do ghlac áthas a raibh láthair agus go mór mhór an leas-máthair mar ní raibh fios an sgéil aice in aon chor. Do beireadh uirthi agus do caitheadh isteach i dtéine dearg í agus dóigheadh í rud a bhí tuillte aici. Do mhair an Rí go sásta in aoinfheacht lena h-inghean as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí lanamha annn uair agus do bhí aon mac amháin aca Seán a b'ainm do. Cailleadh an bhean agus phós an fear airís. Níor thaithnig an leas-mhaic leis an leas-mháthair. Do bhí beirt mac ag an tarna bhean. Do cómhnuig "Seán" agus a mháthair criona i dtíg beag leo féin. Bhí feár bó aca. Dubhairt an sagart paróisde ón oltóir go dtiubhradh sé dhá bó don duine a thabharfadh bó amháin do an bliadhain a bhí cughainn. Dubhairt Seán go dtiubradh sé an bó don sagart ós rud é ná raibh aige acht an ceann amháin agus go mbeadh dhá ceann an bliadhan na dhiaidh. Do thug Seán an bó don sagart agus is é an sagart a bhí go sásta na aigne féin. Do thug sé leis an bó agus bhí sé an crosta. Gac maidean nuair a d'eirigheadh Seán bhíodh an bó san buaile roimis. Má bhíodh do crudhadh Seán í agus nuair a thaghadh buacaill an t-sagairt bhíodh Seán na codhladh roimis. Do bhí an sagart cómh cráidhte sin ag an mbó gur ceangail sé do bolán í. Má dhein bhí an bolan agus an bó (?) Seán ar maidin. Ó arsa é sin le na sheana mháthair nách galánta an duine an sagart agus an dá bhó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1735: “Who Gives his Own Goods shall Receive it Back Tenfold.”
    AT1940: The Extraordinary Names
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Maoleoin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí