Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó deintí Crois Bhríghde as geitirí agus sáidhtí isteach fé'n mbúnlach é i dtig tuíghe, nó ináirde ins na frathacha Lá le Bríghde chun go gcuirfeadh Naomh Bríghid an rath ar an dtig. Cuirtí éadach bán éigint amach oidhche laé le Bríghde agus brat Bhríghde a tugtaí air. Do coimeádraí an t-éadach san i gcóir na bliadhna mar deirtí go mbíodh leigheas ann do ghamhain go mbeadh piast ann, na do chapall go mbeadh breóidhteacht éigint uirthi.
Deintí cómhartha na croise ó's cionn an ainmhídhe leis an t-éadach agus annsan deintí é chimilt do. Thagadh duine thar baile go minic ag triall an iasacht an éadaig go dtí go(leanann ar an chéad leathanach eile)