Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trá (Ventry)
- XML Leathanach 104
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall cúig bliadhna déug é shoin tháinig gala mór. Do tógadh an ceann do bhí ar thig Liam Ó Malone iman na gaoithe agus séideadh cómh fada le Baile Mhóithín é. Do baineadh an ceann des na tigtibh bó leis agus séioladh thar dhruim tighe Thomáis Úi Malóne iad. Nuair a cualaidh a bhean an stán ór a chionn anáirde d'eirig sí ileith sa leabaidh agus glaoidh sí ar a fear mar ceap sí gurb é an táirseóire a bhí amuigh. Timcheall ceitre mbliadhna déug ó shoin tháinig oidhche mór tóireacha agus splanne anna. Tráthnóna do dhoircthig an spéir timcheall a trí a chlog agus caith na daoine na lampaí do alsadh. Do mhairbh sé trí cinn do bheithidig thuas ingort Bhrígide Neidí inaice ke Cnoc Bríbe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Cíobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Liaigh, Co. Chiarraí