Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
D. Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0422, Leathanach 075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0422, Leathanach 075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceann Trá (Ventry)
  2. XML Leathanach 075
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar bheannuighthe i mbaile bheag, i mbaile Móir, i gCill a Ruith agus i mbaile Riach. Tá dhá cheann i mbaile beag agus tobar caoch a tugtar ar cheann acu mar do bhí leigheas ann do shúile tinne.
    Sé Naomh Monacháin a bhí i mbaile Riach agus deirtear go bhfuil leigheas sa tobar do tinneas droma. Téightear timcheall an tobair sin naoi nuaire agus bíthtear ag rádh na Corónach Muire le na linn sin. Deintear an turas sinn Domhnach Cásga. An céad duine a théigheann go dtí an tobar sin maidin Domhnach Cásga, deirtear go bhfeiceann sé iasg beag istig sa tobar.
    Tá tobar bheannuighthe i gCill Fearnóg ar a dtugtar tobar chiaráin agus deirtear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Uí Cíobháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Trá, Co. Chiarraí