Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trá (Ventry)
- XML Leathanach 016
- XML “Scéal Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lanamha bocht i mBaile an Fhirtéirig fadó. Táilliúir a beadh an fear. San am san bhíodh an táilliúir ag imtheacht ó thig go tig ag oibriú ar a chéird ach má bhí do bhí a bhean agus máighistir scoile a bhí ar an mbuailtín mór le na chéile agus ní fheadar sé ó thalamh an domhain cionnus a chuirfidís an tailliúir bocht chun báis chun go bpósfaidís a chéile.
Ceann de's na laethanta chuimnigeadar ar sheift. Dúbhairt bean an táilliúra go raghadh sí féin go fionntrágha go deí tig tighearna talmhan a bhí ann. Seo léi chun soúbhal. Nuair a chuaidh sí ann d'fiafruig an tigearna dhi cad a thug í. Dúbhairt sí gur chualaidh sí go raibh sé ag lorg saoir chun cúirt a thógaint (Táim", arsa an tighearna. "Tá fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Cíobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Liaigh, Co. Chiarraí