Scoil: Scoil N. Bríde
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síle Granville
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dheanamh" ar sé acht chom beag leis and ghamhain bhán atá amuigh sa ghort"
Bhi an bainne gan tabhairt don ngamhain bhán aici, agus thug sí amach é agus ní chuirfeadh an gamhain bán a phus air. Thug sí lei isteach é agus dubhairt sí leis na h-ólfad an gamhain bán an bainne uaithi. Ní gadh dhuit bheith ag magadh", ar se ag breith ar an mbuicéad agus a thogaint amach leis. Acht ní ólfad an gamhain bán an bainne uaidh Thug sé leis isteach é agus dubhairt se - "Tá an ceart agat. Tá sé orm trosgadh do deanam agus lá mór fleste (?) iseadh an lá indiu. Racad cum mo seomra agus deanfad trosgadh beid siad ag cur mo thuairisge act abair leo na feadarís cár ghaibheas ó aimsir breicfeasta
Bhi dinnear breag ar an mbord ag an ministir and lá san. Ní raib mac an ministir le fághail agus daoine thall is abhus 'á lorg. D'fiafruigheadh don(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Choncubaír
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chúile, Co. Chiarraí