Scoil: Scoil N. Bríde

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Síle Granville

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scoil N. Bríde | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhi cailín Caitiliceach i n-aimsir i dtig mhinistir. Bhí mac an mhinistir i gcolaiste ag foghluim cum ministir óg do dheanamh do. Thainig se abhaile aimsir na Cásca ar saoire. Bhiodh sé féin agus an cailín aimsire ag argoint go minic ar chúrsai creidimh - é sin a rádh gur aige féin a bhi an creideamh ceart agus an cailín a rádh gur aici féin a bhí se.
Tháinig Aoine an Cheasta. Bhí an cailín ag deanamh trosgaidh an lá san. Nuair a bhí sí ag ite a breicfeasta níor dhearmad mac an mhinistir teacht timcheall. Ní raibh de biadh aici acht tea dubh agus arán tirm. Díarr sé ar an gcailín cad na taobh san. "Indiu Aoine an Cheasta" ar sí "agus ní mór dom trosgadh do dheanamh Ní feadfainn-se an trosgadh sin

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Eibhlín Ní Choncubaír
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Chúile, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge