Scoil: Scoil N. Bríde
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síle Granville
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Bríde
- XML Leathanach 308
- XML “An Mhurúch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do chaith sé an caipin anuas i ngan fhios do fhéin. Do chonnaic sise an caipin agus do shnap si suas é go tapaidh. Do thog an fear amach leis an gleas seisiridhe agus d'imthig sé leis ag treabhadh. Ni raibh aon t-suathadh aigne air mar bhí gach aon nidh fé mar budh mhaith leis.
Do chuir an bhean síos an dínnear fé mar chuirfead si i gcomhnuidhe. Do rug si ar an gceathrar leanbh agus do nig agus do ghlan iad.
D'ullmhuigh si an dinnear agus chuir ar an mbórd é. Annsan fuair si an caipin agus bhuail fé na brat é, agus do rug si ar na leanbhaidhe agus do phóg si iad. Do ghaibh si go dtí an ghort 'n-a raibh a fear ag treabhadh agus dubhairt si le na fear dul abhaile cum a dhínnéar "nách láidir nac iad na leanbhaidhe a chuiris ag glaodhach orm" ar se. "Badh mhaith liom féin teacht" ar sise.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ni Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chúile, Co. Chiarraí