Scoil: Scoil N. Bríde
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síle Granville
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chomhnuigh athair Piarais ar an mBaile Uachtarach. Bhí caisleán no dun aige ar leitinis amac cois na fairrge. Do bhí droichead lasmuig don ndun agus nior bhfeidir do aonne an dún do shroisint go dtí go mbead an droichead so leagaighthe. Do bféidir an droichead do chur is do leigint teastuigeadh uatha.Sé an t-ainm a tugtar ar athair Phiarais na Donncad and Dúin. Fear uasal foghluimthe agus file dob eadh é agus ní raibh puinn do uaislibh na Mumhan ná go raibh aithne aige ortha.Do casadh air cuaird go Caiseal agus uair agus fuair se aithne ar fear uasal ann. Thug an fear uasal sin cuireadh chun a thige féin do. Do chaith Donnchadh an Dúna oidhche ann agus fuair sé aithne ar an lion-tige. Do bhí oig-bhean do ingean(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás O Ciabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Charraig, Co. Chiarraí