Scoil: Scoil N. Bríde
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síle Granville
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Bríde
- XML Leathanach 268
- XML “Aimsir an Ghorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)puirseach is gairid mar lón e seachas glóire na bflaitheas a bheith scartha go deo liom"Níor cailleadh leis an ocras í gheibhead sí rud éígin le n-ithe gach lá.Tar-éís an droc-shaoghal tháinig móran sagas breoidhteachta sa tír acht bhí aon bhreoidcheacht amháin do bhí an-olc ar fad agus b'sin í an "galar breac." Bhí beirt bhuachaill ag obair ar an mbóthar sa tsneachtadh. Bhi duine aca cos-nochtuighthe. Do bhuail an breoidhteacht é. Do bhain an fear eile dho a bhróga agus chuir sé ar an mbuachaill breoidhte iad agus rug se leis abhaile é ar a dhrom, timcheall míle o'n áit n-a rabhadar ag obair. Fuair an buachaill bás t'reis dul abaile dho agus do buaileadh breoidhte an buachaill a tug abhaile é agus cailleadh é féin.Tá baile airighthe ar an ait seo "Baile na mBoc" agus cailleadh seacht deug lion-tighe ann leis an galar breac. Aon lá amháin tháinig an sagart ann agus tosnuig se ag leigheamh. Bhí fear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Maighreud Nic Eoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí