Scoil: Scoil N. Bríde

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Síle Granville

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 265

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Aimsir an ghorta fadó bhí baintreabhach bocht thiar i bParóiste Fionn Trághana comhnaidhe. Bhí triúr mac aici. Bhí duine aca timcheall deich mblian d'aois, duine eile dhá bliadhain deug, agus duine ceithre bliana deug. An méid prátaí a bhí curtha aca do lobhadar sa talamh agus bhíodar gan aon bhiadh annsan. Do bhí na leanbhaí ró-óg chum aon chabhair do thabhairt di agus chaith sí féin imtheacht agus biadh do sholáthar dóibh. Uaireannta ní fhaghadh sí aon rud. Bhí sí féin agus a leanbhaidhe ar feadh dhá lá na dtroscadh. "Dia go deo linn, a leanbhaidhe " ar sí, "is dócha go gcaillfear leis an ocras sinn. Tá sé chomh maith agam imtheacht arís feuchaint an bhfaghainn aon nídh le n-ithe."
Bhailig sí lei go lag, agus shiubhlaig sí mórán, acht ní bhfuair sí aon nídh. Chas sí thar nais ar an dtig go dubhach brfónach toisg gan aon nídh a bheith

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Cait Ní Duinnlei
Inscne
baineann
Seoladh
An Charraig, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge