Scoil: Scoil N. Bríde

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Síle Granville

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scoil N. Bríde | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

“mar ní bhfuaireamar aon loistín”. “Téanaidh oraib liomsa” ars an fear “agus tabharfadsa loistín díbh. Do chasadar char ais ar an dtig agus ní ró-mhaith an cuma a bhí an bhean-an-tighe nuair a chonnaic si chúichi arís fad. Ach do chuir fear a’tighe cois na teineadh fad agus thug se greim le n-ithe dóibh.
T’reis tamaill bhí an garsun ag tuitim dá codladh cois na teineadh. Dubhairt fear an tighe le na mnaoi leaba do dheanamh suas doibh. D’fhreagair an bean é go támáilte agus dubhairt si ná raibh aon áit cun fad do chur mar a gcodlóchaidís sa tolg a bhí ar thaobh an tighe. D’eirig an fear agus radruig sa leaba sa tolg dóibh. Nuair a bhí gach duine imigthe a chodladh do labhair an mhathair le na mac. “Is mor an truaigh a leithéid do fhear maith a bheith ag a leithéid sin do mhnaoi”. D’freagair an mac í – “Níl aon leigheas ar sin ach é do thógaint uaithi.” Le na linn sin buail an pian agus an teinneas an fear. Tháinig uathbhas ar bhean-an-tighe nuair

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Cait Ni Duinnlei
Inscne
baineann
Aois
48
Seoladh
An Charraig, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge