Scoil: Scoil N. Bríde

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Síle Granville
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Bríde
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí an Mhaighdean Muire agus a mac ag siubhal un bhothair lá ag dul go dtí baile mór a bhí tamall maith uatha. Garsún oig dob eadh an mac – timpeall dhá bhliadhain deug d’aois. Bhí an oidhche ag tuitim agus an Mhaighdean Mhuire le na mac. “Tá sé chomh maith againn loisdín do lorg sa cheud tig a bhuailfid linn”. “Pé nidh is maith leat?” ars a mháthair. Is gearr gur buailig feirimeora leo agus chuadar fé n-a dhéin. Chuadar isteach. Ni raibh aoinne rómpa ach bean-an-tighe. Do loirg an Mhaighdean lóisdín. Do fhreagair bean-an-tighe go támáilte agus go doicheallach agus dubh-airt si na raghaidís ná raibh aon áit acu dóibh. Dho chasadar ar a sáil agus chugad ar aghaidh ar thig eile. Ní fada ón dtig a bhíodar nuair a casadh fear an tighe ortha. Do bheannaig sé dóibh agus dubhairt. “Nach déidheannach ara sibh amuigh”. “Táimid” ars an Mhaighdean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cait Ni Duinnlei
    Inscne
    Baineann
    Aois
    48
    Seoladh
    An Charraig, Co. Chiarraí