Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 673

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Fáth gur Ghlaodach Baile na nGall ar mo bhaile.

Fadó riamh bhí Baile na nGall roinnte na dhá chuid. Tugaidís an Poinnte ar chuid de agus Baile an Ghóilín ar an gchuid eile.
Tháinig dream iasachta de dhaoine isteach san mBaile. Protustúnaig ab eadh iad. Tógadar tighthe i ngort mhor ar a dtugtar an "Station" anois air.
Taréis roinnt mhaith aimsire d'fághadar an baile agus táinig na Dubcrónaig ar an mbaile agus thógadar seilbh na dtighthe a bhí ag na daoine a d'fag an baile.
Bíodh na Dubhcrónaig ag síor faire ar an gcósta agus is minic a théidis isteach ins na tighthe agus thógaidís a mbíodh de bhiadh ag muintir an bhaile.
Tarlá gur marbhuigheadh an stúiriteóir a bhí ortha. Níorbh fíos cé mairbh é, ach d'fógair na dubcrónaig go mbainfidís díoghaltas as as muintir an bhaile.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Séaghdha
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Pádraig Ó Séaghdha
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
60
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge