Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 670

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sgéal Grínn.
Bhí beirt garsún ann fadó agus bhiodar ag roinnt cnó. Chuaideadar isteach i dteampall nuair a bhíodar ag dul isteach thuith dá cnó uatha ach dubharadar go bhfágaidís iad san ann no go dtiochfaidís amach. Seo leó isteach agus suídeadar ar dá cloich mora.
Tosnuigeadar ag roinnt na gcnó. Gachra duine aca ag tógaint gachra cnó.
Bhí bean ag gabháil an t-slíghe amuigh agus chualaidh sí an chainnt. Rith sí abaile agus d'innis sí da fear go raibh Dia agus an Diabhal thiar sa teampal ag roinnt na h-anamacha.
Seo lém beirt sall go dtí an teampall. Luígeadar síos in aice leis an gclaidhe agus dfanadar ann ag eisteacht ar feadh tamaill. Fé deire thiar tall dubairt duine de na garsúin "agus an dá cheann amhuigh" (ag teagairt d'en dá cnó a bhí sé). Rith an bean agus an fear abhaile mar

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Séaghdha
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Pádraig Ó Séaghdha
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
60
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge