Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 665

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Naomh é seo a mhair i bparóiste Mordach agus tá baile fearainn glaoidhthe na diaidh "Cill Cuain". Tá sé ráidte gur duine ana naomta a bhí ann, agus gur thógh sé morán cillíní i gCiarraidhe Thiar. Bhíodh Lá lé Cuain mar "Lá Phátrúin" fadó ach níl anois.

Nuair a bhí Naom Cuain na chómhnaídhe ag Cíll Cuain bhí paist mor i Loc Curáilí a bhí ag deanamh moran díoghbhala des na daoine ag ithe beithidhig agus caoire agus ainmhnidhthe eile agus fiú amháin leanbhaí ógha a thugtai cun na loca cun iad a baistead.
Aon lá aomhain bhí Naomh Cuain ag siubhal in aiche na locha agus tháinig an piast amach. Ar leagadh do chuir an Naom corcán mór anuas an cheann na péisthe agus dubhairt "fan mar sin go luan" sé sin "lá an luain"
Seachtain na diaidh sin bhí an Naom ag siubhal ag an loch agus dubairt an piast:

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Tomás Mac Eóin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Murchadha
Inscne
fireann
Aois
72
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge