Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 659

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 659

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 659
  3. XML “Scéalta Beaga agus Seanranna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in aimsir ag Piaras Firteár fadó agus aon mhaidean amháin nuair d'eirig se bhí a bhean na suídhe roimis agus dúbhairt sí leis gan dul go dtí Piaras indhiu in aon cor mar go raibh droch cuma ar an lá. "Tá an fiach dubh ag imteacht ós chionn an tíghe i rit na maidine agus bhí an grian eirighthe ana moch agus ana droc chómharthaí ar an lá é sin arsa an bhean. Dein sé rud uirrthe ac is ag dul i mbreághteacht a bhí an lá agus tímcheall a dódhéagh a chlogh chuaid se go dtí Piaras. Bhí sé sin sagort roimis agus d'fhiafhruigh sé dho cad a chomeád chómh deamnach é. D'innis an buachaill aimsire do cad dúbhairt a bean leis agus dúbhairt Piaras an rann so.
    Ná creid-se fiolar ná fiadh
    Ná cómhrádh dian na sean mná,
    Mar dá mhóchaidheacht a eireócaidh grian
    Is mar is toil lé Dia a beid an lá.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Eóin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí