Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 657

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 657

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 657
  3. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    faille agus iad go léir gearrta ag na carraigeacha. Do chuireadar sceála go di's na maíreálaigh a bhí i mBaile na nGall. Tánadar go dtí an bhfaill agus scaoileadar síos teádan go dtí an ceatharar. Bhí coirc ar an dtéad a thug ana chabhair doíbh teacht go barra. Do tugadar go dtí Baile na nGall iad i gcoíste agus ní raibh ionnta ach an (?). D'fanadar annsan ar feadh trí seachtmain agus annsan chuadar abhaile.

    Aimsire an gorta fuair moran daoine bás agus cuireadh morán daoine i bPórt na Muirbhige gan comra gan bairlín lín ach poll a dhéanamh dóibh ar nós an ainmidhe agus tá a gcnámha le fághail fós. Bhí an saogal ar a dtoil ag na súipeanna an uair sin. Ní mar sin do's na Caithilicig. Bhíodar ag fághail báis leis an ocras agus is dócha ná mairfadh aoinne aca muma mbeadh mín na deírce a thugadh an sagairt paroíste doíbh, ach do iompuig morán aca sar a bhfuaireadar mín na déirce.
    Fuaireas an t-eolas seo ón mháthair S. Ní Dómhnaill, Cíll Maol Ceadar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Dómhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Ní Dómhnaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí