Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 640

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 640

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 640
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chonaic sé an fear marbh. Rith sé abhaile i ndeire na feide agus d'fiafhraig sé de'n mbuachaill aimsire a bhí aige an fíor go gcídtear gach catliochaidhe tar éis bais. Is fíor arsa an buachaill agus aoinne a chídheann aon uair amháin iad bíonn sé á bhfeiscint i gcómhnaidhe.
    Tá sé chómh maith agam mo chip agus mo mheannaithí do bhailiú lé chéile agus cuir díom as an áit seo. Ní raibh aon chuimhneamh aige ar imteacht agus chualaidh an fear marbh é agus dhein sé seift eile. Tímcheall a deich a chlog ins oidhche do chuaidh sé in-aice lé cruach mhóna a bhí i n-aice lé tig an mhinistir agus i gcíonn tamaill do tháinig an ministir amach agus chonaic sé an sprid agus leig sé béic as. Rith sé isteach abhaile agus ar maidin lá ar na mhaireach bhí sé glanta leis as an áit.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí