Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 639
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheith caillte a leithéid seo lá agus a rádh lé na mnaoi a bheith taobh amuigh de'n doras agus a bheith ag gol is ag béicig agus go ngeóbhadh sé féin agus an breitheamh an tslídhe. Dúbhairt sé go bfiaróidís di cad a bhí uirthe agus a rádh go raibh a fear caillte. Do thuit gach rud amach fé mar a dúbhairt Dómhnall leis an bhfear bocht.
Do chuaidh Dómhnall agus an breitheamh isteach sa tig. Do chonaiceadar an fear marbh ins an leabaidh. Dúbharadar cúpla paidir do annsan agus bhailígheadar leo. An Céadaoin a bhí chúca do bhí an Chúirt ar siúbhal. Do bhí an ministir ann agus nuair a ghlaodhach an Chuis dúbhairt Dómhnall Ó Conaill leis an mbreitheamh gurbh é sin fear a chonachadar marbh cúpla lá roimhe sin. Níor chreid an ministir é agus tháinig fearg mór air. Dúbhairt an breitheamh go bhfeaca sé lé na dhá shúil ar an gclár é. D'imthig an ministir agus seana-bhlas ar a chosa aige. Cúpla lá na dhiaid sin do chuaidh an ministir amach ar chúram éigin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí