Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 630
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a tháinig an dríothar bocht an oidhche sin d'oscail sé an bosca agus is amhlaidh a bhí an bhean istigh ann agus í ag ithe cnámh agus tacht sé í. Dúbhairt an fear bocht leí, "cuireadh ansin tusa chum gach sgéal nua a bheith ar do gob agat ach ní mar sin a bheidh". Bhí a húdacht déanta ag an sean-bhean nuair a caillfidhe ídhá chéad púnt a chuir fé na ceann agus fiche bonnlán plainnín a chuir fé na cosa.
Lá ar na bháireach dúbhairt an dríothar bocht leis an dríothar saibhir go raibh an bosca ag tógaint suas iomarca slighe sa tigh beag a bhí aige agus go raibh sé chomh maith aige é tabhairt abhaile. Chuir se fear ag triall ar an mbosca agus chómh luath agus bhí se sa bhaile bhain sé an clúdach de chum go mbead cúnntas gach nídh aige ach is amhlaidh a bhí an sean-bhean istigh agus í tachtaidhe ag an gcnámh.
"Ó mhuise, bhí iomarca dúil sa bhfeóil agat agus d'fághais mise dall", arsa sé. Chuir sé an sean-bhean agus chuireadh dhá chéad púnt fé na ceann agus fiche bonnlán plainnín fé na cosa. An oidhche sin tóg an fear bocht an dhá chéad púnt agus an fiche bonnlán plaínnín agus tug don dríothar bocht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí