Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 619

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 619

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 619
  3. XML “Scoil na Soupers”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí scoil soupers ar an gCill fadó. Bhí sé ar an dtaobh thuas don áit na bhfuil an seana saipeal. Do bhí go leor leanbaí ag dul ann aimsir an ghorta ach na diaidh sin bhíodar ag dul i laighead go dtí ar deire ní raibh ann ach cúpla daoine agus chaith an maigistir a bhí ann dárbh ainm do Davis imtheacht leis go dtí na Stáit.
    As Bearla a muintí gach adhbhar agus gach leanbh go mbearfadh an maigistir air ag labhairt na Gaedhilge cuireadh sé clár ar a dhroim agus marcalach sé air an méid uair a bhí an leanbh ag labhairt na Gaedhilge ar feadh an lae. Fagtaí an clár ar go dtí go dteigheach sé abhaile i dtreo go mbheadh gach aoinne ag feacaint air, na teannta sa fhaígheann sé leasa mhaith ó mhaighistir i slighe go mbheadh air an Gaedhluinn a marbhú. Puirseach a faígheadh na leanbaí i gcóir lár an lae agus tá an corcán na ndeintí an puirseach a beiriú le feiscint go dtí an lá indiú. Ragadh trí mála mine isteach ann.
    Do bhí "Glostear" mar maigistir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Dómhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Dómhnaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí