Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 612

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear do mhuintir Shéaghdha ag baint feamnaidhe ar dtráigh tamall mhór de bhliadhanta ó shoin. An scian a bhí aige do dhearmhadh se ar an gcloich í, agus nuair a chuaidh sé tharnais ag triall uirthe bhí bean suidhthe ar an gcloich agus í ag cioradh a cínn. D'fhan sé ag ceachaint uirthe tamall agus annsan d'imtig sí isteach sa bfhairrge uaidh. Nuair a cuaidh sé ag triall ar an scian ní raibh sí le fághail aige agus bhí sé in amras gurbh í an bhrúch a rug léithe í.
Tamall na ndiaidh sin bhí sé ag siúbhal na trágha agus cionnaich sé an bhrúch arís agus í ag cíoradh a cinn mar an gcéadhna. Bhí olc air chúiche i dtaobh an scian a bhuid uaidh agus d'ealaig sé uirthe agus sciob sé a brat uaithe. Do lean sí é go dtí an dtig agus tamall na diaidh sin phósadar. Bhí seachtar leanaí acu. Aon lá amháin bí an fear amuigh agus cuaid duine do's na leabhí anáirde ar an lochta agus d'ocail sí an cómhradh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Tomás Mac Eóin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Pádraig Mac Eóin
Inscne
fireann
Aois
52
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge