Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 608

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 608

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 608
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ana mí sásta leis féin gach aon lá dá saoghal. Ní stadadh sé ach ag rádh leis na daoine go mb'fheárr leis a bheith caillte agus curtha.
    Aon oidhche amháin bhí taidhreamh aige go raibh sé ag dul go dtí Flaithis Dé agus go raibh bóithrín ana deacair le siúbhal ag dul ann. Nuair a bhí sé ana ghairid do's na Flaithis chonnaic sé Dia chuige agus a lámh anáirde aige ag deanamh chómhartaí do imeacht as an áit go h-Iofrionn.
    D'imthig sé fé dhéin Ifrionn agus bhí an bóithrín sin ana fhuirist le siúbhal go raibh sé ar nós sráid. Bhí sé ag imtheacht leis ar feadh tamaill agus is geárr go gchualaidh sé na h-anamacha ag dóghadh agus chonnaic sé an diabhal agus dhá adhairc ratha air agus crúba asail ag deanamh air agus ag deanamh cómhartaí do imtheacht as an áit.
    Lé na línn sin dhúisig sé agus nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Séaghdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí