Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 603
- XML “Seantobaracha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a lán sean-thobaracha mór tímcheall Chiarraidhe go mór mhór i gCorcha Dhuíbhne. Tá tobar Naomh Bhreanndháin i n-aice forthaig Bhreanndain i gCill Maolcéadar. Tugann daoine turas ar an dthobar san Domhnach Cásga. Deirtear go leigheisfidhe galair áirighthe a bheadh ar dhuine ag an dthobar san.
Tá tobar eile i mBaile Riabhach agus tugann daoine turas ar sin leis Domhnach Cásga. Fadó thug fear a bhí bodhar agus balbh turas ar an dthobar san ana luath ar maidin Domhnach Cásga. Dob'é an chéad duine a dhein an turas agus nuair a bhí an turas tugtha aige bhí sé leighiste.
Tá tobar eile i mBaile Dháith. Bíonn turas go dtí an tobar san leis Domhnach Cásga agus gach aoinne a théigheann ar an dthuras san chaitheann siad pictúirí beannuighthe agus rudaí eile isteach sa tobar. Is minic leis a leighistear na daoine a tugann turas ar an dtobar san , go mór mhor na daoine go mbíonn muinghín acha as.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Ui Shéaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí