Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 601

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 601

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 601
  3. XML “Scéal Fiannaíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Fionn agus na Fianna lá agus fuaireadar cuireadh dul go dtí pálás a bhí in aice na Sionainne. Chuadar. D'fhan Fionn agus cuid aca aige baile. Nuair a chuadar go dtí an bpálás ní raibh aoinne ann chun fáilte a chur rómpa agus chuir san ana ionganadh ar na Fianna.
    Bhi teine breágh mhór ann agus suídheadar síos ar an úrlár in aice leis. I gcionn tamaill d'feach gach aon rud ana gránna. Mhúch an teine breágh agus ní raibh ann ach dotach. Dúbhairt na Fianna go raghaidís abhaile aríst mar ná raibh aoinne ann.
    Thugadar iarracht ar eiríghe ach bhíodar ceanghailte don dtalamh. Lé na linn sin chogain Fionn a árdóg chun fhíos a bheith aige conus a bhí na Fianna . Nuair a fuair sé amach gur mar sin a bhiodar bhí sé i gcruaidh chás.
    D'imthigh sé féin agus a raibh slán d'es na Fianna go dtí an Iorbhuidh chun an rí a bhí ann a mharbhú agus a chuid fola a thabhairt leó. Ní raibh aon leigheas eile chun na Fianna a sábháilt.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Séaghdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí