Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 600
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)míle púnt agus eadach buird a bhí fe draoidheacht . Annsan thug duine de's na buachaillí deoch uisge ó'n mbuidéal do'n rí. D'ól sé an deoch agus leighisfheadh ar an neómat é.
Do thug an rí an mile púnt agus an t-eadach draoídheachta dóibh annsan. D'imthígheadar abhaile go h-áthasach. Bhuaileadar isteach go tíghe a máthar. Nach uirthí a bhí an t-áthas iad d'feiscint. Do thosnuig sí ag ullmhú braon té dóibh acht dúbharadar san nár ghádh dhí é mar go raibh rud aca fein a tabharfhadh gach saghas bídh agus díghe dóibh.Leathadar an t-eadach ar an mbórd.
Seo lé gach saghas bídh agus díghe ar an mbórd. Bhi ionghnadh agus alltacht ar mhuintir an tíghe. Shuídheadar sios agus d'itheadar a mbéile bídh go sasta. O'n lá san amach ní raibh easba bídh na díghe ortha.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí