Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 583

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá cloch ógham ins an teampall seo agus tá poll i mbárra na cloiche. De réir tuairisge do bhí an chloch seo ag marcáil uaige do thrúir uaisle gaidil. Tá ainm duine des na h-uaisle scríobhta ar an dtaobh deas de'n gcloich i bhfuairim óghamh, agus ainm an tarna duine scríobhta ar an dtaobh chlé i bhfuirim ógamh mar an gceadna. In áit ainm an triomhadh duine do scríobh is amhlaidh tá poll curtha an bharr na cloiche i ndíol chuimhne air. Tá sgcéal eile mar gheall ar an bpoll seo. Deirtear nuair a teastuigheach ó lamhnain óg pósadh an uair úd ní deinidis ach méir an fháinne do chuir isteach sa pholl agus bhíodar pósda gansagart gan ministir.

Tá sgath gréine aim leis agus tá sé deanta de chloic. Tá poll ar a bharra do bhí cipín sáidte isteach sa pholl seo agus do réir mar bhí grian ag dul ó dheas bhíodh an sgath a bhíodh ar an gcipín ag chaitheamh ar an gcloich ag athrú mar angceadna.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheál Ó Dómhnaill
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Mícheál Ó Dómhnaill
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
65
Teanga
Gaeilge