Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 529

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

na sagairt chuige agus d'fhiafruig do cad é an sagart creidimh a bhí aige nó an gcreideann sé i nDia. D'fhreagair Eoghan é agus dúbhairt;

Ní shí an Bhochtaineacht ba mheasa liom a bheith síos go deó,
Ach an tarscaine a leanan í ná leighiseadh león,
Má tá an t-Athair ceart mar aon leis an Eaglais,
Níl brígh nár nglór, ach ní feárr dul go dtí an Aifreann ná suidhe ar an móin.

Bhí fear bocht na chomhnuidhe ar an Muirbhig fadó agus ní raibh aon nfhód talman aige. Bhí sé pósta agus bhí seisear clainne aige. Bhí sé ag deanamh ar an Nodlaig agus bhí na daoine ag dul an Daingean ag ceannach rudaí. Ní raibh aon phingin airgid aige seo agus chuaidh sé an daingean Satharn na Nollag féachaint an bhfaigheadh sé aon nídh ó aon duine muinteartha leis. Seadh bhuail mórán daoine muinteara leis

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Aois
58
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge