Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 527

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

ag deanamh saghas éigin glóir leis féin.

Shiúbhaluigh sé ar annsan go dtáinig sé suas leis an bhfile agus taréis dóibh beannú dá chéile d'fhiafhruig an ministir do cad a bhí an fiach dubh san anáirde ag radh. Sé an rud atá sé ag radh arsa an file ná;
Nancy, daucy, máthair Risteáird chríonna,
Tá curtha i dteampall fásta láimh le barra taoide,
Na drandall saídte ba ghnáthach slasher pípe,
Díngthe, sásta, lán do thobac ínnte.
6. Bhí fear bocht ann fadó agus sé an t-slíghe bheatha a bhí aige ná bheith ag imtheacht i dteannta na sagart. Tar éis do tamall mar sin tháinig sagart nua paróiste an áit agus ní thaithnig leis an fear bocht a bheith á leaneamhaint. Aon lá amháin chuaidh an sagart chuige agus d'fhiafruig do cad é an saghas duine é nó an raibh aon tslíghe mhaireacht-aint aige. D'fhreagair an fear bocht é agus dúbhairt,