Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 526

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

4. Bhí madra ag Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin uair agus leanuigheadh an madra an sagart go dtí an Aifreann gach Domhnach. Aon mhaidean amháin chonnaic an sagart an madra na dhiaidh agus tháinig fearg ar chuige. D'iompuigh sé thar n-ais agus bhuail sé an madra leis an mbrón agus mhairbh é. Nuair a chualaidh Eoghan an scéal dúbhairt sé an rann so;

A mhadra is aindis iad do chúrsaí,
Go dtáinig-ís go dtí an Aifreann ar maidin le h-úmhlaigheacht,
Nó go leagadh tú le barra-thrip ar do chúl siar síos,
Ach bás gan sagart ní bhfuair madra Eóghainín.

Bhí ministir ann uair dár b'ainm Ristéard agus aon lá amháin nuair sé ag siúbhal bhóthair chonnaic sé file roimis amach. Theastuig uaidh labhairt leis an bhfile ach ní fheadair sé cad ba cheart do radh leis. D'feach anáirde san aer agus chonnaic sé fiach dubh anáirde.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Aois
58
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge