Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 522

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Uair amháin dá raibh ministir na chómhnuidhe shias i lár na h-Éireann bhí sé ana bhuartha toisc na fanfadh aon bhauchaill aimsire aige.

Seadh tháinig sé chómh fada le tróiglí agus fuair sé buachaill ann. Bhíodar ag deanamh go maith i dteannta a chéile ar feadh tamaill. Do bhíodar ana mor le chéile ar feadh tamaill. Do bhíodar ana mor le chéile ar feadh tamhaill. Do bhíodar ana mor le chéile go dtí aon lá amháin nuair a dúbhairt an ministir leis an mbuachaill dul agus an cosán a raibh na ba ag gábháil shochrughadh mar go raibh cosa na mba ag dul síos sa phoill a bhí ann.
Seadh thug an buachaill thuagh leis agus bhain se na cosa go léir dos na ba ó na nglúine síos agus shocruigh sé an casán leo. Tháinig straidhn ar an ministir agus dúbhairt sé leis an mbuachaill bheith ag priocad leis.
Seadh bhí an buachaill ag imeacht leis ar maidin agus dúbhairt an ministir leis fanacht go mbeadh dinnéar aca. Do d'fhan an buachaill agus bhí feóil ag an ministir chun

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Cathalláin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
58
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge