Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 479

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tuille bhuidhe san abhainn is nách sleamhain a bhíonn leacacha,
Is mar a leagtar an crann,
Is ann a bhíonn na slisneacha.

Is gnáthach ceathanna is fearainn um Bealtaine,
Is gnáthach cailig na leabaidh ag sranntarnaigh,
Is gnáthach mairbh á tharrac chun teampallaibh,
Is gnáthach dallaibh á dtarrac i stancaireacht.
Is gnáthach gach Domhnach na lá saoire,
Is gnáthach faoileann ar an dtráigh,
Is gnáthach tart ae fhear an t-suíbhail,
Is roimis an úbhall a thagann an bhláth.
An t-eirighe amach fé'n sráid,
Ná dein fionóid fé dhuine bhocht,
Ná mol is ná dí-mhol daoí,
Mar níl saoí gan locht.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Cathalláin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
58
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge