Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 477

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear i nDún Caoin fadó agus bí muirear mór air agus nuair a bhí an Nodhlaig ag déanamh air agus ní raibh aon nídh aige dá leanbhaidhe ná aon nídh aige tabharfadh sé dóibh le n-ithe.

Aon lá amháin do chuímhnigh sé ar sheift. Buail sé chuige a chapaillín bánagus chuir sé do go Baile Átha Cliath. An ceadh tigh go gcuaidh sé isteach ann, ní riabh istigh roimís ach bean a' tighe agus d'iarrfaidh sí dhó cadh as a tháinig sé. Dúbhairt an fear gurbh as na Flaithis é. "An bhfheacais Seáinín seo againn ann a croidhe", arsa an bhean. "Connach", arsa an fear agus garsún maith iseadh é ach ná fuill aon luidh eadaigh air." "Is mór an truagh san mhuise", ar sí, "tá píosta deas bréidhe annso", "agus an dtabharfadh chuige é". Tabharfadh an bhaic "agus do bhuail sé chuige é". Chuir sé do annsan agus chúaidh sé isteach i dtig eile. Ní túisge a bhí a chos taobh istigh i dtig eile. Ní túisge a bhí a chos taobh istigh do'n d'tairsing nuair a féaraige do cadh as a tháinig sé. Dúbhairt sé gurbh as na Flaithais é. D'iarrfaidh an bean do", an feachais Domhnallín seo

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Séamus Ó Chonchúbhair
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Chúile, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Chonchúbhair
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
63
Seoladh
Cill Chúile, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge