Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 474

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh ach aon inghean amháin aice. Bhí an mháthair ana cheanamhail ar an inghe mar ní raibh a leithéid le fághail in aon áit le breághthacht. Nuair a bhí an cailín óg chuireadh a mháthair ar scoil gach lá í agus nuair a bhíodh sí ag dul ar scoil chaitheadh sí gábhail thar bhóthrín go raibh lios in aice leis. Aon mhaidean amháin ag í ag dul ar scoil chonnaic sí bean suidhe an chlaidhe an leasa roímpe. Do labhair a bhean áithe agus d'fhiafruig dhí an dtug sí aon lón léi i gcóir an lae. Níor thugas ach blúire beag aráin arsa an cailín. Fan go fóill marsin arsa an bhen agus thabharfad-sa blúire eile aráin chuga. Thug sí an t-arán chuíche agus cheap an cailín gur b'é an t-arán ba dheire a chonna sí riamh é ach níor ith sí aon bhlúire dhe ach é thabhairt abhaile go dtí na máthair

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Muiris Ó Cathalláin
Gaol
duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
Inscne
fireann
Aois
25
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge