Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 470
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa bhuaile agus casóg bhán air. Do chuaidh sé amach agus bheannuigh sé do'n bhfear a bhí amuigh. Do bheannuigh sé sin do mar an gcéadhna agus labharadar le chéile. Do loneg an fear bodhla bainne air agus do chuaidh an fear eile isteach agus do fuair sé bodhla agus líon sé de bhainne é. Nuiar a chuaidh sé amach do bhí an fear imighthe. Bhí sé ag féachaint tímcheall air féin agus do dortadh an bainne amach as an mbodhla agus annsan tháinig sna eagla air. I gcionn cúpla lá na dhiaidh sin nuair a bhí sé ag dul go Corcaigh le feirmeóirí mme bhí sé ag gabháil tar abhainn agus bhí ana thuille san abhainn. Nuair a bhí sé istigh i lár na h-abhann. Nuair a bhí sé istigh i lár na h-abhann d'imthigh feircín uaidh leis an dtuille. Nuair a bhí sé ar an dtaobh thall don abhainn do chonnaic sé an fear chuige aníos agus an feircín ar a bhacalam aige. Do thug sé do'n bhfear an fiercín agus do chuir sé chuige ar dhroim a chapaill é. Dúbhairt sé "is mise an fear a bhí sa(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dómhnall Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Charraig, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- An Charraig, Co. Chiarraí