Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 468

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear in aimsir ag Piaras Firtéar fadó agus aon mhaidean amháin nuair d'eirig sé bhí a bhean na suidhe roimis agus dúbhairt sí leis gan dul go dtí Piaras indiu in aon chor mar go raibh droch chuma ar an lá. "Tá an fiach dubh ag imtheacht ós chionn an tíghe i rith na maidine agus bhí an ghrian eirighthe an mhoch agus ana droch chómharthaí ar a lá é sin" arsa an bhean. Dhein sé rud uirrthe ach is ag dul i mbreághtheacht a bhí an lá agus tímcheall a dódhéag a chlog chuaidh sé go dtí Piaras. Bhí sé sin sa ghort roimis agus d'fhiafhruigh sé dhó cad a choimeád chomh deanach é. D'inn(is) an fear aimsire dho cad dúbhairt a bhean leis agus dúbhairt Piaras an rann so,

"Ná creid-se fiolar ná fiadh,
Ná cómhrádh dian na sean-mhná

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Cathalláin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
58
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge