Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 451

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 451

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 451
  3. XML “Amhrán Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán Beannaithe

    Mo mhairg, mo cheasnaí, is mo thúirse, ¶ Cad a dheanfaidh lucht drúire agus póit?

    Amhrán Beannuighthe.
    (1)
    Mo mhairg, mo cheasnaí, is mo thúirse,
    Cad a dheanfaidh lucht drúise agus póit ?
    An aicmin a thug maisle do'n Úir Mhac,
    Ag spalpadh na mbuín is ag ól.
    Mar mheasaim ní slachtmhar é a gcúntas,
    Is is aindhis mar cúiseamhar iad fós,
    Gan gradam i gcathair an Úir Mhic
    Mar a gcasaid ar chúmhadh agus ar bhrón.
    (2)
    A pheacaig dhein machtnamh agus iompuig,
    Agus glaoidh chúghat ar Úir Mhac na h-Óigh,
    Seachain-se peaca na drúise,
    Mar sé mheallan gach prionnsa deas óg.
    Beidh an t-aingeal go minic id' chúram,
    Agus banrioghain gheal Úir Mhic na h-Óigh,
    Agus nách feárr í mar charaid lá an chúntais,
    Ná cailín deas chrúidhte na mbó.
    (3)
    Tiocfaidh Mac Muire le liúnreamh ,
    Chun breitheamhantas do thabhairt orainn fós,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Cathalláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cathalláin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí